I 1978 a bunaíodh IKEL (Internacia Komitato por Etnaj Liberecoj) le cuspóir tacú le cearta na mionlach ar fud an domhain uile. Le cothrom na Féinne a bhaineann meas ar na cearta sin, mar cuireann sé na pobail uile ar chomhchéim gan phribhléidí gan idirdhealú, agus tá sé úsáideach, mar tig leis cogaí a chosc. Is é an Dearbhú ar son na Daonnachta Eitní an bhuncháipéis lena dtacaíonn IKEL. Foilsítear nuachtlitir an Choiste, Etnismo, trí huaire sa bhliain agus bíonn eolas luachmhar faoi ábhair eitneacha inti.
Sainchumann i gcreatlach Universala Esperanto-Asocio (UEA) (Cumann Domhanda Esperanto) is ea IKEL.
|